An Bhialann
11ú Deireadh Fómhair 2020
Bhiomar ag déanamh ceachtanna faoin dtéama 'Bia' le roinnt seachtain anuas. D'fhoghlaim na páistí faoi a lán oideas éagsúla, mar shampla oideas do phancóga, sailéad agus cáca seacláide. Freisin, bhiomar ag foghlaim faoi Pirimid an Bhia. Rinne na páistí drámaí beaga bunaithe ar 'Bialann Blasta'. Bhain siad an-sult as ról a ghlacadh mar an freastalaí agus an custaiméir sna drámaí beaga seo.
Gaelscoil Naomh Pádraig, Bóthar an Chaisleáin, Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath. (01) 6241 355