Rainbows


Tá an-áthas orainn a chur in iúl duit go bhfuil Cúrsa ‘Rainbows’ ar bun i nGaelscoil Naomh Pádraig.
Is grúpa tacaíochta é RAINBOWS do pháistí ina gcabhraítear leo a mothúcháin a léiriú trí chumarsáid agus tascanna idirghníomhacha a dhéanamh chun féin-mhuinín níos láidre a chruthú agus conas déileáil lena bhfadhbanna. Ní grúpa comhairle é RAINBOWS. Cruthaítear áit shabháilte, rúnda ina roinneann na páistí a mothúcháin le páistí eile agus le héascaitheoir oilte.
Gaelscoil Naomh Pádraig, Bóthar an Chaisleáin, Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath. (01) 6241 355